Carnabhal na nGaelscoileanna 2023

Gach bliain eagraíonn Cumann na bhFiann lá spraoi do pháistí Gaelscoile, lá a thugann deis dóibh súgradh le páistí eile ina dteanga féin.

Bhí ócáid na bliana seo ar siúl i Sportlann na hÉireann i mBéal Feirste, sular bhog na himeachtaí go Doire an lá dár gcionn. Beidh Cumann na bhFiann ag taisteal go Gaillimh agus Luimneach chomh maith.

Líonadh an lá le raon gníomhaíochtaí éagsúla: trampailín buinsí, súmó agus boghdóireacht chomh maith le go leor imeachtaí spraoi eile do na daltaí óga.

Thug Meon Eile cuairt ar an charnabhal, áit ar labhair muid le Liam Ó hEidhin agus le Holly Nic Thomáis ó Chumann na bhFiann a léirigh an tábhacht a bhaineann le spraoi i nGaeilge taobh amuigh den seomra ranga chun spreagadh a thabhairt do dhaoine óga. Bhí comhrá againn fosta le roinnt de na páistí a bhí ag baint sult mór maith as na cluichí spraíúla.

Is feidir tuilleadh eolais a fháil ar na gníomhaíochtaí ar fad a dhéanann Cumann na bhFiann anseo.

Close
Close