‘Campa Súgradh’ de chuid Muineachán le Gaeilge

Cuireadh an ‘Campa Súgradh’ ar siúl ar na mallaibh do pháistí 3-7 mbliana d’aois i gContae Muineachán. Is campa é de chuid Muineachán le Gaeilge, eagrachtaíocht a chuireann an teanga chun cinn i mbaile Mhuineacháin, agus ba é seo an chéad bhliain don champa a bheith ar fáil do na haoisghrúpaí sin.

Bhí an campa ar siúl ón Mháirt go dtí an Déardaoin agus d’fhreastail Meon Eile ar an chéad lá de chun blaiseadh bheag a fháil. Bhí idir chlárúchán ar maidin in oifig Muineachán Le Gaeilge, cheardlann faoin Ghaeilge sa bhaile do thuistí agus ghníomhaíochtaí an lae do na páistí i gColáiste Orialla. Bhí deis ag tuismitheoirí labhairt sa chaifé le Niamh Ní Mhóra ó Ghlór na nGael a bhí i mbun na ceardlaine faoi úsáid na Gaeilge sa teach.

Labhair Meon Eile le hOifigeach Forbartha Gaeilge Mhuineachán le Gaeilge, Stiofán Ó Connachtaigh, faoin champa agus faoi na buntáistí a théann leis, chomh maith leis an éileamh ollmhór atá ann i Muineachán do na cinéalacha imeachtaí Gaeilge seo, don lucht óg go háirithe.

Close
Close