Campa Mhacha 2024

An tseachtain seo caite cuireadh Campa Mhacha ar siúl, den 18ú bliain as a chéile. Campa samhraidh lán-Ghaeilge é seo a bhíonn á eagrú in Aonach Mhacha i lár Chathair Ard Mhacha.

Tosaíodh Campa Mhacha tráth nach raibh campa samhraidh Gaeilge ar fáil sa chathair, agus anois, 18 bliana níos déanaí, tá éileamh níos mó ná riamh ar an tionscadal agus líon na bpáistí ag freastal air ag fás bliain i ndiaidh bliana. Freastalaíonn an campa ar pháistí ó Rang 1 go Rang 7 agus bíonn siad scartha in dhá ghrúpa, Rang 1 go Rang 3 agus Rang 4 go Rang 7.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an champa Dé Céadaoin agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Glacadh páistí Rang 4 go Rang 7 ar shiúlóid threoraithe thart ar choill Shliabh gCuillinn i ndeisceart an chontae, imeacht ar eagraigh ag grúpa ‘Enspire' é. Lean muid grúpa Rang 4 agus 5 agus iad i gcuideachta na sióige 'Amazing Alex' ar shiúlóid 'Finn's Magical Mountain', áit ar fhoghlaim siad neart rudaí faoi bhéaloideachas agus faoi mhiotaseolaíocht an cheantair, go háirithe Fionn Mac Cumhaill féin. 

Bhí an deis againn labhairt le hEimear O'Hanlon, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Aonach Mhacha ó bhí mí an Mhárta ann, a d'eagraigh an campa go léir. Labhair muid fosta le Mícheál Ó hAodha atá i ndiaidh 6 bliana a chaitheamh mar mhúinteoir ag Campa Mhacha agus mar cheannaire ar feadh 10 mbliana roimhe sin. Thug Lucy-Jane agus Gracie léargas beag dúinn ar lá s'acu ar Shliabh gCuillinn chomh maith.

Close
Close