Campa Mhacha 2023

Bhí Campa Mhacha ar siúl an tseachtain seo caite ón Luan go dtí an Aoine, agus bhain na páistí bunscoile sult mór as an tseachtain lán imeachtaí agus turas.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an champa Déardaoin agus chuaigh muid go Pláinéadlann Ard Mhacha le scaifte ó Rang 1 go Rang 3.

Chuir foireann na Pláinéadlainne seó trí mheán na Gaeilge ar fáil dóibh mar aon le ceardlann maidir le roicéad a chruthú, a thógáil agus a lainseáil. Lá den scoth a bhí ann agus cuireadh go mór leis an eispéireas ó tharla go raibh Gaeilge ag duine den fhoireann.

Labhair Meon Eile le hOifigeach Forbartha Gaeilge Aonach Mhacha, Ciarán Withers, agus le múinteoir de chuid Champa Mhacha, Michael Begley.  

Close
Close