Ócáid chaife ar son na Palaistíne

Ag deireadh mhí Mheán Fómhair ghlac Anam, an caifé nua atá ag Glór na Móna ag Gael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste, páirt san fheachtas Coffee for Palestine.

Ócáid tiomsaithe airgid a bhí ann ina raibh caiféanna as fud fad na hÉireann páirteach agus inar bailíodh airgead do charthanachtaí a bhíonn ag obair le páistí sa Phalaistín.

Chomh maith le díol an chaife féin, dheon Gairdín an Phobail roinnt glasraí ar Anam le go mbeadh siad in ann iad a dhíol ar mhaithe leis an chúis.

Thug Meon Eile cuairt ar an chaifé, áit ar labhair muid le Caoimhe Ní Choinn agus Tarlach Barclaigh a bhí ag obair ann ar an lá. Luaigh siad beirt an tábhacht a bhaineann le hÉireannaigh a bheith ag tacú le cúiseanna ar nós na Palaistíne.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close