Bunscoil Bheann Mhadagáin ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód

Is in 1994 a bunaíodh an chéad bhunscoil Ghaeilge i dTuaisceart Bhéal Feirste, Bunscoil Bheann Mhadagáin.

30 bliain ar aghaidh, bhailigh pobal na scoile i Halla na Cathrach, Béal Feirste, Dé hAoine seo caite leis an éacht sin a cheiliúradh.

Sna luathlaethanta, is i seaneaglais ar Shráid Wyndham a bhí an scoil suite agus deichniúr daltaí sna ranganna. D’fhorbair an scoil le himeacht na mblianta agus bhog siad isteach i bhfoirgneamh nua ar Bhóthar Cliftonville in 2015. Tá níos mó ná 180 dalta ag freastal ar Bhunscoil Bheann Mhadagáin sa lá atá inniu ann.

Bhí Meon Eile i láthair ag an oíche mhór cheiliúrtha, áit a raibh cainteanna, ceol agus damhsa ann. Seoladh ‘Taisceadán Todhchaí’ ar an oíche fosta le litreacha agus ealaín ó na daltaí, taisceadán a bheas le hoscailt arís sa bhliain 2045.

Labhair muid le Príomhoide na scoile, Máire Uí Éigeartaigh, atá ag obair sa scoil ó 1995 agus d’inis sí dúinn faoin bhród atá uirthi as foireann agus pobal na scoile.

Bhí Dónall Ó Dochartaigh ar dhuine de na chéad daltaí sa scoil. Labhair sé faoin atmaisféar ghalánta a bhí ann i gcónaí agus faoin spreagadh a thug an t-oideachas a fuair sé i mBunscoil Bheann Mhadagáin dó agus é anois ina mhúinteoir Gaelscoile.

Is iar-chathaoirleach na scoile é Fionntán de Brún. Agus é ag labhairt le Meon Eile ar an oíche, mhínigh sé na dúshláin a bhí rompu nuair a osclaíodh an scoil ar dtús ach fosta an t-áthas a mhothaíonn sé anois agus an scoil ag fás agus ag forbairt achan uile bhliain.

Close
Close