Bronnadh 'Gníomhaí Gaeilge', scéim de chuid an Chonartha

Bhí oíche speisialta cheiliúrtha ag Conradh na Gaeilge sa Guinness Enterprise Centre i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh nuair a bronnadh gradaim don Scéim Gníomhaí Gaeilge, atá dírithe ar mhic léann tríú leibhéal fud fad na tíre. 

Is córas nua meantóireachta, gradaim agus aitheantais é Gníomhaí Gaeilge le haghaidh daoine atá gníomhach i saol na Gaeilge sa Tríú Leibhéal, agus is iad Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn a reáchtálann é.

Labhair Meon Eile le Barry Ó Siochrú, Comhordaitheoir Triú Leibhéal (Gníomhach) do Chonradh na Gaeilge faoin scéim agus faoin rath atá uirthi.

D'inis Eímear Nig Oireachtaigh, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin obair ar fad a rinne sí i mbliana leis an Chumann Gaelach sa Choláiste chun gradam a bhaint amach.

Ábhar spreagtha a bhí san oíche d'Aodhán Ó Deá, a labhair faoin dea-obair atá ar bun ag mic léinn tríú leibhéal sna Cumainn Ghaelacha agus ag Aontas na Mac Léann fud fad na tíre.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Gníomhaí Gaeilge anseo.

Close
Close