Bród na Gaeltachta ar an Fhál Carrach

Achan samhradh cuireann bailte móra ar fud na tíre an fhéile mhór 'Bród' (Pride) ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an phobal aerach. Bíonn ar dhaoine ó cheantair níos lú, na ceantair Ghaeltachta ina measc, taisteal le go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

I mbliana, chinn Pól Penrose, ón Fhál Carrach i gContae Dhún na nGall, ar 'Bród na Gaeltachta, a reachtáil. Le maoiniú agus tacaíocht ó Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola, beidh imeachtaí ar léith ag dul ar aghaidh ón 18ú go dtí 23ú de mhí Iúil agus críochnóidh sé Dé Sathairn le mórshiúl ó taobh amháin den baile go dtí an taobh eile.

Is in Inis Eoghain a eagraíodh aa chéad fhéile 'Bród' i nDún na nGall i mí an Mheithimh ach is é seo an chéad uair a bheidh 'Bród' á chéiliúradh sna ceantair Ghaeltachta.

Bhuail Meon Eile le Pól Penrose i Lóistín na Seamróige, áit atá anois clúdaithe le tuartha ceatha agus póstaeir ag fógairt na féile. 

Labhair Pól faoin tábhacht atá leis an fhéile don mhuintir aerach sna ceantair bheaga, go háirithe do na daoine óga nár tháinig amach go fóill. Deir sé go dtugann Bród spás sabháilte spraíúil don phobal ar fad ar an Fhál Carrach.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close