Breis ionchuir ón phobal á lorg ag Glór na nGael

Tá breis ionchuir ón phobal á lorg ag Glór na nGael maidir le reachtáil na ceanneagraíochta. 

Tá Bord Stiúrtha Ghlór na nGael ag forbairt painéil daoine a bheadh sásta feidhmiú ar Bhord Stiúrtha, ar Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí nó ar fho-choistí eile na heagraíochta.

Aithníodh Glór na nGael mar cheann de na ceanneagraíochtaí Gaeilge sa bhliain 2014 agus tá freagrachtaí air maidir le forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.

Tá réimse leathan de dhaoine á lorg ag Glór na nGael. Daoine a bhfuil saineolas acu ar réimse ábhar, ar nós airgeadais agus dlí ach fosta tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, daoine atá bainteach le forbairt pobail agus daoine ó chúlra fiontraíochta.

Tá béim mhór á cur acu ar dhaoine a mhealladh i dtreo na heagraíochta atá lonnaithe sna sé chontae. Fosta, tá cothromas inscne níos fearr ó Ghlór na nGael agus mar sin tá siad ag impí ar thuilleadh ban suim a léiriú.

Labhair Meon Eile leis an Bhainisteoir Acmhainní Daonna, Seán Ó hAdhmaill, faoin chuireadh don phobal a bheith rannpháirteach i nGlór na nGael.

Má tá eolas breise uaibh, gabh i dteagmháil le Ceannasaí Ghlór na nGael [email protected]

Ár mbuíochas le Glór na nGael as na seatanna breise.

Close
Close