Bothán na bhFear

Seachtain "Sláinte na bhFear" atá ann an tseachtain seo, ón 11 go dtí an 17 Meitheamh.

Is seachtain ardaithe feasachta í seo chun aird a dhíriú ar na rudaí a imíonn tionchar ar shaol agus ar shláinte an fhir.

Ceist mhór sláinte i measc na bhfear é an mheabharshláinte.

Tá tograí ar nós "Bothán na bhFear" ag iarraidh dul i ngleic leis na fadhbanna seo trí dheis a thabhairt d'fhir rudaí praiticiúla, cruthaitheacha agus suimiúla a thriail in éineacht a chéile.

Is iomaí cúis uaignis atá ann na laethanta seo, go háirithe do dhaoine níos aosta.

Laghdaíonn Botháin na bhFear na mothúcháin sin, ligeann siad d'fhir déileáil lena bhfadhbanna meabharshláinte agus a bheith in ann maireachtáil go neamhspleách.

Is foinse neamhspleáchais, cardis agus folláine iad na botháin seo.

Thug Meon Eile cuairt ar Bhothán na bhFear in Ard Mhacha, áit a bhfuil na fir ag baint an-sult as an Ghaeilge a fhoghlaim, amhráin a chanadh agus réimse leathan scileanna praiticiúla a chleachtadh.

Agus, ag an am céanna, aire mhaith á tabhairt dá gcuid meabharshláinte.

Close
Close