Boinn Dhomhanda buaite ag Damhsóirí Bhaile Uí Mhurchú

Thóg beirt rinceoirí, Eimear Nic Ionnrachtaigh agus Clodagh McMenamin, as Baile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste, boinn leo ag Craobhchomórtas Domhanda sa Rince Gaelach i nGlaschú.

Seo an chéad uair don bheirt Ghaeilgeoirí óga a fhreastlaíonn ar Choláiste Feirste boinn a thabhairt leo ag an chomórtas mór idirnáisiúnta.

Is ag Scoil Damhsa Taylor Scallon ar Bhóthar na Carraige Báine, in iarthar na cathrach, a bhíonn an bheirt ghirseach i mbun traenála. 12 rinceoir ar fad ó cheantar Bhaile Uí Mhurchú a bhí san iomanaíocht ag an chraobhchomórtas.

Bhuail Meon Eile isteach chun na Scoile Damhsa, labhair muid le hEimear agus Clodagh faoina ngaicse agus faoi thraidisiún an rince Ghaelaigh i mBaile Uí Mhurchú…

Buaiteoirí
Close
Close