Baile Átha Cliath ag ceiliúradh Bród le 50 Bliain

Bhí an Ardchathair plódaithe an deireadh seachtaine seo caite agus na sluaite ag bualadh na sráideanna chun Bród a cheiliúradh. Bhí an aimsir uafásach agus dhoirt an bháisteach anuas ach níor mhaolaigh sé spiorad duine ar bith agus bhí an ceiliúradh le brath ar fud na cathrach. Bhí na bóithre lán le daoine ag máirseáil agus ag éileamh comhionannais agus na cosáin lán leis an lucht féachana a bhí ag gáire leo.

Cloch mhíle thábhachtach ab ea an mhórshiúl seo go háirithe agus Baile Átha Cliath ag ceiliúradh 50 bliain ó mháirseáil grúpa deichniúr mac léinn ón Roinn Dlí agus Cirt go hAmbasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh i gcoinne choiriúlú an homaighnéasachais.

Thug Meon Eile cuairt ar an chathair agus labhair muid le beirt bhall de Na Gaeil Aeracha, Robbie Irwin agus Cian Conroy a labhair faoin éileamh leanúnach ar chomhionannas in Éirinn.

Close
Close