BÁC le Gaeilge

Is tionscnamh é BÁC le Gaeilge a chuireann chun cinn úsáid na Gaeilge ar fud na príomhchathrach.

Is é Conradh na Gaeilge, i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, a sheol an tionsncamh níos luaithe i mbliana.

Tá suíomh idirlín ag BÁC le Gaeilge atá ina mhol lárnach do ghnólachtaí agus eagraíochtaí eile sa chathair a chuireann seirbhís Gaeilge ar fáil nó ar mhaith leo níos mó den teanga a úsáid ina gcuid oibre. Tá liosta imeachtaí ann fosta do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar ócáidí Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Ina theannta sin, tá ciste tacaíochta ann chomh maith a chuirfidh maoiniú €1,000 ar fáil do ghnólachtaí chun comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde agus feiceálacht na teanga a ardú dá réir. Is é an 2 Nollaig 2022 an sprioc le cur isteach ar an chiste.

Labhair muid le Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir BÁC le Gaeilge, agus is feidir tuilleadh eolais a fháil faoin tionscnamh anseo.

Close
Close