Beocht nua le hathoscailt na mbialann agus na mbeár

Osclaíodh na bialanna agus beáir go hiomlán Dé Luain den chéad uair i mbliana ó thuaidh agus chuaigh Meon Eile i dteagmháil le cúpla gnólacht le fáil amach cad é mar a mhothaigh siad sular oscail siad na doirse don phobal arís faoi dheireadh thiar thall.

Bhí cead ag na bialanna bia ‘beir leat’ a dhíol le cúpla mí anuas, mar an gcéanna leis na tithe tábhairne a raibh cead acu piontaí ‘beir leat’ a dhíol fosta, ach ní raibh cead ag duine ar bith teacht isteach agus suí síos chun béile nó pionta a bheith acu. 

Tá lucht an chaifé in An Croí ar bís chun fáilte a chur ar ais roimh an phobal i ndiaidh seal fada a chaitheamh druidte, cé gur thapaigh siad an deis leantóir a chruthú le caife agus tae a dhíol ag an chosán siúlóide áitiúil i nDroim nDamh.

D’oscail Cumann Sóisialta Bhaile Andarsan cúpla seachtain ó shin, ag ligean do dhaoine suí taobh amuigh le deoch a bheith acu ach tá siad ag súil leis an phobal teacht isteach arís, cé go bhfuil imní ar an fhoireann go bhfuil an víreas go fóill anseo agus ag scaipeadh leis.

Close
Close