Athachtú ar Chath Raon Ruairidh

Beidh staraithe ó chúige Uladh ina measc siúd a dhéanfaidh athachtú ar Chath Raon Ruairidh (Battle of Killiecrankie) in Albain ag an deireadh seachtaine. 327 bliain atá imithe ón chath, an chéad cheann a tharla in Éirí Amach na Seacaibíteach in Albain.

Agus iad ag tacú le Rí Séamus, d’éirigh le clanna Gharbhchríocha na hAlban i gcoinne fhorsaí Liam Bhuí. Cé gur éirigh le muintir na nGarbhcríoch sa chath seo, chlis orthu sna blianta a lean. In 1690, bliain i ndiaidh Chath Raon Ruairidh, chuir forsaí Liam Bhuí arm an Rí Séamus go droim seoil i gCath na Bóinne.

Tá grúpa staraithe ó Dhún na nGall faoi stiúir Thomáis Uí Bhrógáin i measc na ndaoine a bheas páirteach in athachtú an chatha. Chas Meon Eile leo i Leitir Ceanainn, áit a ndearna siad taispéantas dúinn ar na seanghníomhaíochtaí cogaíochta…

Achachtú ar Chath Raon Ruairidh
Close
Close