Ar éirigh le hathbheochan na Gaeilge?

Le Bliain na Gaeilge faoi lán seoil, tá pobal na teanga ag ceiliúradh agus ag comóradh 120 bliain de Chonradh na Gaeilge agus d’athbheochan na teanga.

Tá aitheantas á thabhairt i mbliana don chaomhnú, don bhuanú agus don chun cinn a rinneadh ó thaobh na Gaeilge de ó bhí 1893 ann.

Ach ar éirigh linn an sprioc sin a leagadh síos 120 bliain ó shin a chomhlíonadh? Nó an bhfuil aistear fada os ár gcomhair go fóill?

D’fiafraigh muid de dhaoine i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, faoi thuairim s’acu ar an ábhar…

Close
Close