Aonach na Nollag, Iúr Cinn Trá

Aonach na Nollag, Iúr Cinn Trá

Níl aon easpa imeachtaí Nollag ag an am seo den bhliain agus bíonn tóir i gcónaí ar aontaí agus ar chuairt a thabhairt ar Dhaidí na Nollag féin.

Reáchtáil Glór na nGael imeachtaí teaghlaigh fud fad na tíre le déanaí chun ceiliúradh Gaeilge a dhéanamh ar an séasúr.

Bhí deis ag teaghlaigh in Iúr Cinn Trá cuairt a thabhairt ar Dhaidí na Nollag i nGaeláras Mhic Ardghail agus bronntanais Ghaeilge a cheannach don Nollaig ó na seastáin cheardaíochta.

Chuaigh ceamaraí Meon Eile chomh fada leo ar an Iúr.

Aonach na Nollag
Close
Close