Tá an t-ionad Gaeilge agus cultúir, Aonach Mhacha, atá lonnaithe i gCathair Ard Mhacha, cúig bliana ar an fhód i mbliana.
Seanstáisiún dóiteáin é foirgneamh an ionaid a osclaíodh go hoifigiúil ar an 6 Márta 2020. Lá den scoth a bhí ann do phobal Chathair agus Chontae Ard Mhacha agus do phobal na Gaeilge go ginearálta. Mar is eol don saol mhór, áfach, cuireadh dianghlasáil i bhfeidhm go luath ina dhiaidh sin mar gheall ar COVID-19 agus bhí ar an fhoireann na doirse a dhruidim arís. In ainneoin na deacrachta sin ag an tús, lean Aonach Mhacha ar aghaidh ag obair go dian agus inniu tá pobal beo bríomhar bainteach leis an ionad. Lonnaithe ann faoi láthair tá Caifé Mhacha, amharclann, ranganna Gaeilge agus cúrsa dioplóma le hOllscoil Uladh, chomh maith le hOifigí Ghael Linn agus Cleamairí Ard Mhacha.
Bhuail Meon Eile isteach chuig an ionad ar na mallaibh agus labhair muid faoin fhorbairt agus dul chun cinn atá tagtha ar an áit féin agus ar phobal na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha. Labhair muid le Príomhfheidhmnnach Ghael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, atá ar dhuine de na bunaitheoirí, le hOifigeach Forbartha Gaeilge Aonach Mhacha, Eimear O’Hanlon, agus leis an cheoltóir agus múinteoir áitiúil, Gerry Lappin, i ndiaidh dó píosa ceoil a sheinm le Cleamairí Ard Mhacha ar an lá.
Is é a dúirt Réamonn linn:
"Is le pobal Ard Mhacha Aonach Mhacha. Tá Ard Mhacha luaite go mór leis an spioradáltacht ar an oileán seo agus anois agus Aonacha Mhacha oscailte cúig bliana tá cathair Ard Mhacha chun tosaigh, ag cur chun cinn na Gaeilge. Tá na ranganna ag dul ó neart go neart, tá muid lán ó thaobh tionóntaí, tá an caifé ag déanamh go han-mhaith ar fad. Tá todhchaí bhreá roimh Aonach Mhacha agus roimh an Ghaeilge. Is cuimhin liomsa nuair nach raibh an scéal chomh dearfach ach a mhalairt de scéal atá ann anois. Tá cúrsaí na Gaeilge ag dul i méid, ag dul i bhfeabhas, bliain i ndiaidh bliana, sna healaíona, sna meáin, sna Gaelscoileanna, agus ó thuaidh ach go háirithe in ionaid. Tá sé an-mhaith go bhfuil baile ag an Ghaeilge anseo i gcroílár Chathair Ard Mhacha.”