An t-aon aonad uathachais lánGhaeilge ó thuaidh

De réir na Roinne Sláinte, tá níos mó ná 13,000 páiste a bhfuil uathachas orthu ó thuaidh, sin 4.5% de na daltaí scoile uilig agus is líon é atá ag ardú 10% achan bhliain.

Cé gur figiúirí arsa iad sin, níl ach aon aonad uathachais lánGhaeilge amháin ann, rud a fhágann gur minic a imíonn na páistí ó chóras an Ghaeloideachais ar fad nuair a fhaigheann siad diagnóis uathachais. 

Labhair Meon Eile le Pádraigín Bingeam, tuismitheoir as Ard Eoin a thug cur síos ar an streachailt a bhí aici agus í ag iarraidh teacht ar Ghaelscoil dá mac, Rian. Bhí spás de dhíth ar Rian i scoil ina raibh taithí ag an fhoireann a bheith ag plé le páistí a bhfuil uathachas orthu. Sa deireadh tháinig Pádraigín ar Scoil na Fuiseoige,  bunscoil i gCill Uaidh, Béal Feirste, a bhfuil aonad uathachais ceangailte leis.

Labhair muid chomh maith le Príomhóide Scoil na Fuiseoige, Caoimhín Williamson, a thug léargas ar an Aonad agus ar an tábhacht a bhaineann leis an oideachas cuí do pháistí a bhfuil reachtanas speisialta orthu.

Tá tuilleadh eolais agus tacaíochta le fáil anseo.

Close
Close