An Ghaeilge i lár an aonaigh ag Zeminar na bliana seo

D’fhreastail breis agus 16,000 duine, idir daltaí meánscoile agus múinteoirí, ar an chomhdháil Zeminar i mbliana.

Cuireadh tús le Zeminar den chéad uair riamh san RDS i mBaile Átha Cliath anuraidh.

Comhdháil nuálach í dírithe ar ghlúin Z, nó iad súid atá idir 15 – 20 bliain d’aois.

Bíonn seastáin eolais, ceardlanna, imeachtaí spraoi agus cainteanna ar siúl ar feadh trí lá mar chuid den imeacht.

I measc na n-aoichainteoirí a bhí ann i mbliana, bhí Sinéad de Búrca, Blindboy, Gary agus Paul O’Donovan, chomh le láithreoirí RTÉ Stephen Byrne agus Eoghan McDermott.

Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh i mbliana fosta agus eagraíochtaí Gaeilge cruinnithe le chéile sa Ghaelzón, áit ar leith chun aitheantas a thabhairt don teanga.

Bhí an Ghaeilge le cluinstin ar an phríomhstáitse chomh maith mar go raibh plé bríomhar agus spreagúil idir Eoghan McDermott, Niamh Ní Chróinín (Raidió Rí-Ra), Edel Ní Bhraonáin (Conradh na Gaeilge) agus Cormac Breathnach (Focloir.ie) agus iad ag caint faoin Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga. 

Labhair siad uilig go paiseanta ar son na teanga, faoina gcuid oibre féin agus faoi na buntáistí agus na deiseanna a bhaineann léi, go sóisialta agus i dtaobh fostaíochta de fosta.

Chaith Meon Eile lá i nGaelzón Zeminar le tuiscint níos fearr a fháil ar an chomhdháil agus ar an tábhacht a bhaineann leis an imeacht seo do dhaoine óga.


Close
Close