An gcuireann tú béim ar chreideamh ag am na Nollag?

Tá Lá na Nollag beagnach linn anois le níos lú ná seachtain go dtí go mbeidh muid uilig ag fanacht ar Dhaidí na Nollag ag teacht anuas an simléar!

Ach cén seasamh atá ag an chreideamh i gceiliúradh an lae inniu? An mbíonn Aifreann na Nollag a n-úsáid mar chomhartha gotha ag roinnt den phobal? An chamchuairt bliantúil í an t-Aifreann i gcomhair roinnt den phobal? B’fhéidir go bhfuil iomarca soiniciúlachta sna gceisteanna seo.

De réir suirbhé a d’eisigh ABC News i Stáit Aontaithe Mheiriceá inné, tá ciall reiligiúnach na Nollag ag meath de réir a chéile.

Tchítear go bhfuil níos mó béime a chur ar chuairteanna clainne agus dáileadh bronntanais. An ionann athrú iompar na Meiriceánaigh agus iompar muintir na hÉireann?

Chuir muid an cheist ar an phobal anseo mar sin, “An gcuireann tú béim ar chreideamh ag am na Nollag?”

Close
Close