An Dr. Ruairí Ó Bléine: Ómós

Fuair an Dochtúir Ruairí Ó Bléine bás ar an 2ú Iúil 2022.

Fear suimiúil, spreagúil agus cliste ab ea Ruairí a raibh clú agus cáil air mar dhochtúir leighis, gníomhaí teanga, scríbhneoir agus go leor eile.

Rugadh agus tógadh Ruairí ar an Lorgain, Co. Ard Mhacha, sa bhliain 1931, fuair sé cáilíocht leighis ó Ollscoil na Ríona in 1957, agus ina dhiaidh sin bhog sé chuig Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin, lena bhean chéile Brenda le clann a thógáil ann.

Bhí Ruairí tiomanta don eipidéimeolaíocht agus don tsláinte phoiblí ina gcuid oibre. Údar aitheanta a bhí ann sa réimse agus bhí meas mór ar a chuid staidéir. Bhí sé ina cheannaire ar an Roinn Sláinte Poiblí in Ollscoil na Ríona fosta.

Ceapadh sé ina Uachtarán ar Acadamh na Lianna agus bhí suim mhór aige san aistriúcháin ar théarmaíocht leighis, rud atá soiléir ón leabhar ‘Nótaí ón Lia’ a scríobh sé ar an ábhar.

Bhí ról gníomhach ag Ruairí i saol na Gaeilge agus chaith sé blianta ina Thánaiste le Conradh na Gaeilge. Rinne sé obair mhór sa saothar ‘Preispitéirigh agus an Ghaeilge’ agus bhí baint aige fosta leis an Ullans Academy, grúpa a dhíríonn ar Albainis Uladh.

Is mór an tionchar a d’imir sé i saol na Gaeilge agus saol an leighis trí chéile.

Labhair Meon Eile le Róise Ní Bhaoill, Seán Mac Seáin, an Dr Niall Comer agus Linda Ervine, cuid de na daoine a raibh aithne acu ar an Dr Ruairí Ó Bléine i réimse leathan codanna dá shaol.

D’inis an Dr Joe Barry, Iar-Ollamh Sláinte Poiblí i gColáiste Tríonóide, dúinn go raibh ról lárnach ag Ruairí i saol an leighis in Éirinn ó na staidéir éagsúla a rinne sé go dtí an teagasc agus an obair a rinne sé le mic léinn leighis in Ollscoil na Ríona. Déanann sé comhbhrón ó chroí leis an teaghlach ar fád.

Ba mhaith le foireann Meon Eile comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus gaolta Ruairí agus lena chairde ar fad.

Tá muid go mór faoi chomaoin ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach, Áras na bhFál agus Turas as a gcuid tacaíochta leis an fhíseán seo a thaifeadadh.

Close
Close