Sam ar cuairt ar Bhunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha

Mar is eol don saol Fódlach, is é Ard Mhacha a bhain Corn Shomhairle Mhic Uidhir an 28 Iúil i mbliana agus tá ceiliúradh agus comóradh mór go fóill ar siúl ar fud an chontae. I measc na n-imeachtaí atá ag dul ar aghaidh tá imreoirí ón phainéal ag dul ar camchuairt ar champaí samhraidh, ar chlubanna áitiúla agus ar na scoileanna anois chomh maith.

Éacht ar leith é bua Ard Mhacha na bliana seo agus gan Craobh na hÉireann buaite acu sa pheil ó bhí 2002 ann. Is cinnte go bhfuil idir áthas agus faoiseamh le mothú i measc Ghaeil an chontae agus bratacha agus maisiúcháin fós in airde ar fud na mball.

Tá breis agus 50 scoil mar chuid de chamchuairt na n-imreoirí agus Dé Céadaoin seo caite is ar Bhunscoil na mBráithre Críostaí i gCathair Ard Mhacha a tháinig Sam agus a chairde.

Cuireadh fáilte agus fiche roimh thriúr ón phainéal: Niall Grimley as na Madain, Greg McCabe ó Chumann Sheáin Uí Néill, Camloch, agus Ethan Rafferty as Naomh Colmcille, an Ghráinseach. Bhí Corn Shomhairle Mhic Uidhir ina seilbh acu go bródúil agus lúcháir ar na daltaí agus ar na múinteoirí araon a bheith páirteach sa cheiliúradh mór.

D'fhreastail Meon Eile ar an lá speisialta seo agus labhair muid le hEthan, leis an Múinteoir Ó Duibh agus le triúr daltaí ón Bhunscoil. Ard Mhacha abú! 

Close
Close