Pobal Gaeilge Chromghlinne, Co. Aontroma

25 bhliana ó shin cuireadh pobal Gaeilge ar bun i gCromghlinn, Co. Aontroma, agus tá comóradh á dhéanamh anois ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaeil an cheantair ó shin.

Deichniúr páistí a bhí ar an scoil Ghaeilge nua ag an am ach anois tá naíscoil, bunscoil, ionad teaghlaigh Gaeilge agus club CLG, Naomh Séamas, ag an phobal tuaithe seo.

Seoladh múrphictiúr ar na mallaibh - é péinteáilte ag Mick Doherty agus Martin Lyons - ar bhalla an chlub chun aird a tharraingt ar an ‘Cheathrú Ghaeltachta’ seo agus le daoine a mhealladh isteach chun blas a fháil ar an chultúr, spórt, ceol agus damhsa atá a bhíonn ar siúl sa cheantar.

D’fhreastal Meon Eile ar nochtadh oifigiúil an mhúrphictiúir agus labhair muid le páistí ó na scoileanna agus ó na cumainn éagsúla, le hoibrithe ón ionad teaghlaigh, le múinteoirí agus leis an Leas-Mhéara áitiúil, Anne Marie Logue.

Is ceantar galánta í Cromghlinn agus má bhíonn tú sa dúiche is fiú bualadh isteach chucu agus spléachadh a thabhairt ar chuid de na himeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl acu.

Close
Close