An ailtireacht agus fás na Ceathrún Gaeltachta

Tá ceangal láidir idir an ailtireacht agus fás an phobail Ghaelaigh i mBéal Feirste.

Is iomaí foirgneamh a dearadh go sainiúil do scoileanna agus d’eagraiochtaí Gaeilge le breis agus 20 bliain anuas, agus tá a dtionchar sin le feiceáil ar thírdhreach na teanga.

Bhuail Meon Eile le John Catterson, cúntóir ailtireachta de chuid ARdmackle Architects. Is é an Gael aitheanta Ciarán Mackel atá ina stiúrthóir ar an chomhlacht agus is é a d'oibrigh ar go leor foirgnimh íocónacha sa Cheathrú Gaeltachta, an Chultúrlann agus Raidió Fáilte ina measc.

Rinne John tráchtas ar na mallaibh maidir le pleanáil agus forbairt na n-ionad Gaelach ar fud Bhéal Feirste. Bhí fonn air plé a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil fás na Gaeilge ag athrú thírdhreach na gceantar lucht oibre ar fud na tíre le 20 bliain anuas.

De réir mar a fhásann agus a fhorbraíonn an teanga i bpobail áitiúla, beidh an fás agus fhorbairt chéanna le mothú san infreastruchtúr mórthimpeall orthu.

Close
Close