Amhrán ar mhaithe le daoine gan dídean seolta ag Gael de chuid Bhéal Feirste

Tá amhrán nua 'Homeless' seolta ag an amhránaí Breandán Ó Coinn le hairgead a bhailliú don ‘Welcome Organisation’ agus don tseachtain feasachta i leith daoine gan dídean . Déanann an eagraíocht seo obair iontach tábhachtach a chuidíonn le daoine gan dídean i mBéal Feirste agus tá aonad úr soghluaiste acu anois fosta.

Labhair Meon Eile le Breandán faoin spreagadh a fuair sé leis an amhrán a scríobh agus faoin nasc leis an Welcome Organisation chun tacaíocht a thabháirt dóibh agus do na daoine a bhíonn ina gcónaí ar shraideanna Bhéal Feirste.

Thig leat £5 a dheonú trí théacs HOMELESS a chur chuig an uimhir 70560. 

Close
Close