Alice Milligan - scéal réabhlóidí, Eoghanach ar ardán

Tá léiriú á dhéanamh ag an chompántas amharclannaíochta, Aisling Ghéar, ar scéal Alice Milligan; iriseoir, feimineach, feachtasóir cearta daonna, poblachtach agus Protastúnach a mhair i dtréimhse chorraitheach i stair na tíre seo.

Rugadh Alice Milligan i dteaghlach meánaicme Aontachtach i dTír Eoghain sa bhliain 1866. 13 a bhí sa teaghlach. Aithnítear í ar dhuine de mhórfheachtastóirí sa ghluaiseacht pholaitiúil in Éirinn sna 1920í. Bhí sí iontach gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge i gcúige Uladh le linn a beatha.

Beidh Aisling Ghéar i mbun camchuairte náisiúnta leis an dráma aon duine seo sna seachtainí romhainn.

Alice Milligan 

6 Lúnasa – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich @ 2in & 8in

24 Lúnasa – Leabharlann Halla an Línéadaigh, Béal Feirste @6in

26 Lúnasa – East Belfast Mission, Béal Feirste @8in

1 Meán Fómhair – Amharclann Smock Alley, BÁC @8in

3 Meán Fómhair – Ionad Ealaíne Chorcaigh, Corcaigh @8in

7 Meán Fómhair – Áras Éanna, Inis Oirr, Gaillimh @8in

9 Meán Fómhair – Ionad Ealaíne na Sruthaile, An Omaigh @8in

16 Meán Fómhair – Patrician Hall, An Charraig Mhór, Tír Eoghain

Close
Close