Aip thurasóireachta seolta ag Áras Uí Chonghaile

Chuir Áras Uí Chonghaile i mBéal Feirste tús le turais theoraithe i samhradh 2021 a dhíríonn ar áiteanna sa chathair a raibh baint ag Séamus Ó Conghaile leo tráth. Téann na turais thart ar lár na cathrach, suas Bóthar na bhFál agus críochaíonn siad ag an Áras féin, a iarsmlann ann ar shaol an tsóisialaí chlúitigh.

Ar na mallaibh seoladh aip chun dul leis an turas, aip cheannródaíoch a úsáideann an réaltacht bhreisithe (AR) chun an stair a thabhairt chun beatha os do chomhair.

Chuaigh Meon Eile amach in éineacht le grúpa agus treoraí chun triail a bhaint as an turas nua. Cosnaíonn an turas £10 an duine agus bíonn táibléid sa bhreis ar fáil acu do dhuine ar bith nach bhfuil guthán cliste aige.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo ar an Chonghaileach, an turas treoraithe agus ar an Áras féin.

Close
Close