This is my Everest - Ag Siúl ar son an Bhainc Bia

Gach Nollaig le trí bliana anuas tá dúshlán pearsanta á dhéanamh ag Oisín Mac an Bhiocaire chun airgead a bhailiú don North Belfast Community Food Bank.

Le breis agus £7,000 bailithe go dtí seo, tá sé mar aidhm aige níos mó airgid fós a bhailiú i mbliana leis an dúshlán "This is my Everest". Tá sé i gceist aige 25 cuaird a shiúl timpeall Bheann Mhadagáin, fad arb ionann é agus airde Shliabh Everest. Mairfidh an dúshlán ón 12am Dé hAoine 2ú Nollaig go dtí 8pm an lá dár gcionn le cúpla briseadh gearr idir gach cuaird.

Agus costas géarchéime maireachtála orainn agus praghsanna ag ardú,  tá an méid teaghlach atá ag brath ar bhainc bhia ag méadú ag rátaí scanrúla. Tá fás 50% ar na daoine atá ag tabhairt cuairt ar na bainc bhia ó mhí Aibreáin i dtuaisceart na hÉireann agus meastar go n-éireoidh an líon sin níos measa, go háirithe le linn na Nollag. Tá go leor daoine cosúil le hOisín i ndiaidh feachtais tiomsaithe airgid a thosú chun cuidiú leo.

Bhuail Meon Eile le hOisín agus é amuigh ar Bheann Mhadagáin agus labhair muid leis faoin fheachtas iontach atá ar mbun aige.

Labhair muid chomh maith le Tomás Ó Néill, duine de na heagraithe ón North Belfast Community Food Bank, a rinne cur síos ar an obair mhór a bhíonn ar siúl acu achan lá. Labhair an bheirt acu faoin tábhacht a bhaineann le lámh chuidithe a thabhairt, go háirithe anois ag am na Nollag.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar NBCFB anseo agus is féidir eolas agus airgead a dheonú don fheachtas anseo.

Close
Close