Pósadh le linn paindéime

Tá sé deacair dúinn ar fad ócáidí a phleanáil ó tháinig paindéim Covid-19 chun cinn ach tá dúshlán ar leith ag na lánúnacha a bhí geallta le pósadh le bliain go leith anuas

Labhair Meon Eile le Rory MacManus agus Caoimhe Curran a phós dhá mhí ó shin i ndiaidh dóibh a mbainis a chur ar ceal faoi dhó.

Thug Rory and Caoimhe lámh is focal dá chéile in 2018 agus bhí dáta socraithe acu do shamhradh 2020 ach níor tharla sin mar gheall ar shriantaí Covid-19 a bhí i bhfeidhm ag an am. Cuireadh an bhainis ar ceal don dara huair ina dhiaidh sin ach faoi dheireadh bhí siad in ann pósadh agus ceiliúradh a dhéanamh i rith an tsamhraidh le 50 duine i láthair, laghdú ón 190 a bhí beartaithe acu sa chéad dul síos.

Ba léir go raibh brú agus strus ag baint leis an taithí seo don bheirt acu ach d'fhéach siad le sult a bhaint as na rudaí beaga agus iad ag ullmhú don lá speisialta.

Close
Close