Ag leanúint leis an aclaíocht i ndiaidh mhí Eanair

De réir an IHRSA (International Health, Racquet and Sportsclub Association), is i mí Eanáir gach bliain a tharlaíonn 12% de gach clárú le giom. Go háirithe i ndiaidh na paindéime, tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag iarraidh saol agus sláinte s’acu a fheabhsú trí bheith ag freastal ar ionad aclaíochta.

Cé go mbíonn rún na bliana úire ag daoine maidir le bheith níos aclaí, agus go dtosaíonn siad go láidir, titeann cuid mhór de na daoine as na nósanna sláintiúla seo i ndiaidh mhí Eanair. Bíonn sé deacair an spreagadh sin a choinneáil ag imeacht.

Mar sin de, labhair Meon Eile leis an traenálaí pearsanta, Tiernan Harmon, faoi na fáthanna a stopann daoine ag freastal ar an ionad aclaíochta agus tugann sé cúpla nod cuidiúil le leanúint leis.

An chomhairle is mó a bhí aige ná sprioc shoiléir a bheith agat agus achan rud a ghlacadh céim ar chéim le nach mbeidh an t-eispéireas ró-scanrúil!

Close
Close