Ag damhsa ar an tsráid le linn na dianghlasála

Agus an dianghlásail go fóill i bhfeidhm, tá ceantair ar fud an domhain ag obair chun spiorad na ndaoine áitiúla a thógáil.

Cluichí biongó, tráthanna na gceist, cóisirí sráide agus anois, tá an pobal ar Chéide Almóinn i mBéal Feirste ag cur ranganna damhsa ar fáil amuigh faoin aer!

Is muinteoir damhsa í Fionnuala Nic Fhíobhuí, agus le roinnt seachtainí anuas tá sí ag teagasc ranganna damhsa amuigh ar an tsráid. Deánann sí féin agus na comharsana cleachtadh i rith na seachtaine agus ansin Deardaoin, i ndiaidh bualadh bos a thabhairt do na hoibrithe sláinte, cuireann rang damhsa s’aici seó ar siúl do mhuintir na háite.

Chuaigh Meon Eile go dtí Céide Almóinn agus labhair muid le Fionnuala. Mhínigh sí dúinn cad a spreag í chun na ranganna seo a thosú agus an maitheas a dheánann sé don cheantar.

Close
Close