Ag Ceiliúradh 'Lá Idirnáisiúnta na Síochána' le Féile Sráide Townsend

Tháinig muintir na Sean Chille agus muintir Bhóthar na bhFál le chéile ar an Aoine an 21 Meán Fómhair 2012 chun ‘Lá Idirnáisiúnta na Síochana’ a cheiliúradh. Bhí ceol, damhsa, scéalaíocht, seanchluichí sráide, agus neart eile ar bun ar an lá. Tháinig cór trásphobail de chuid na Sean Chille agus Bhóthar na bhFál le chéile chun canadh don chéad taispeántas poiblí riamh. Bhí idir óg agus aosta i láthar ag Féile Sráide Townsend agus is cinnte gur éirigh go hiontach leo uilig ar an Aoine. Bhí Sarah de Búrca ansin chun an lá speisialta seo a fheiceáil.

Lá Idirnáisiúnta na Síochána / Sarah de Búrca
Close
Close