Ceist Pháirc an Chrócaigh agus an chomhlachta Red Hat

Gach Aoine tagann grúpaí gníomhaithe le chéile ar dhroichid ar fud na tíre chun agóid a dhéanamh i gcoinne fhorghabháil Iosrael ar an Phalaistín. Dé hAoine an 13 Meán Fómhair bogadh na hagóidí chuig clubanna áitiúla CLG.

Is iad an grúpa Gaels Against Genocide a d’eagraigh an beart seo mar léiriú i gcoinne údaráis Pháirc an Chrócaigh a bhí toilteanach an staid a chur ar fáil do Red Hat, comhlacht teicneolaíochta as SAM a sholáthraíonn seirbhísí d’fhórsaí míleata Iosrael.

Thug Meon Eile cuairt ar an agóid ag Páirc Mhic Ásmaint, Béal Feirste, áit ar bhailigh grúpa nár bheag lena bhfreasúra agus lena míshástacht a chur in iúl d’údaráis CLG.

Uair an chloig sula raibh an léirsiú le tosú, tugadh an scéala d’fhoireann Gaels Against Genocide go raibh an chomhdháil de chuid Red Hat curtha ar ceal agus gur éirigh lena gcuid feachtasaíochta.

Labhair muid le Brian Mac an tSionnaigh agus Glen Phillips ó Gaels Against Genocide faoin agóid agus faoin tábhacht a bhaineann le guthanna an phobail a chluinstin i leith mórcheisteanna den chineál seo.

Close
Close