'Ability Counts' tagtha chomh fada le Dún na nGall

Seoladh ‘Ability Counts’ i Leitir Ceanainn ar na mallaibh. Togra é seo atá á mhaoiniú ag Celtic FC Foundation, i gcomhpháirtíocht le Down Syndrome Donegal.

Is togra é ‘Ability Counts’ a thosaigh Celtic FC Foundation in Albain sa bhliain 2011 ina gcuirtear seisiúin pheile agus dhamhsa ar siúl gach seachtain do dhaoine óga a bhfuil siondróm Down orthu. Fosta, díríonn an grúpa ar dhaoine óga a bhfuil uathachas orthu chun a gcuid scileanna cumarsáide agus sóisialta, agus a muinín, a fhorbairt.

Bunaíodh snáithe eile de ‘Ability Counts’ i mBaile Átha Cliath anuraidh, an chéad uair don tógra teacht a fhad leis an tír seo. Ach as seo amach beidh daoine óga an iarthuaiscirt in ann leas a bhaint as an tionscnamh spleodrach agus spreagúil seo.

I mí Mhárta na bliana seo caite, reachtáil Cumann Chlubanna Tacadóirí Celtic Dhún na nGall dinnéar mór ar son Celtic FC Foundation agus ba é bainisteoir na gCeilteach, Breandán Rodgers, aoi speisialta na hoíche. Bhailigh an ócáid na mílte euro agus ba i dtreo ‘Ability Counts’ a bhunú i nDún na nGall a chuaigh an t-airgead sin.

Bhí neart den choiste agus de ghnáthbhaill lucht tacaíochta na gCeilteach i nDún na nGall i láthair ag an seoladh níos luaithe an mhí seo agus bhuail Meon Eile leo agus le baill Down Syndrome Donegal.

Close
Close