5km in aghaidh an lae á rith ag Gaeil ar son carthanachta

Tá 5km á rith ag Aodhán Ó Baoill agus a chairde gach lá i mí Eanáir in ómós dá gcara Michael McQuillan, nó 'Smicko' mar a thug siad air, a fuair bás in 2021 mar gheall ar ailléirge cnónna

Ba as Port na Binne Úine do Michael agus tá a chairde ó chlub CLG Eoghan Rua i gCúl Raithin anois ag rith 5km in aghaidh an lae i mí Eanáir chun airgead a bhailliú don charthanacht, 'The Anaphylaxis Campaign'. 

Oibríonn an charthanacht seo chun aird a dhíriú ar an turraing anaifiolachtach agus cé chomh contúirteach atá sé. Chomh maith leis sin, tugann siad leithidí EpiPen amach do scoileanna.

Tá ag éirí go maith le hAodhán agus a chomhghleacaithe go dtí seo agus is léir dóibh go bhfuil an dúshlán níos deacaire ná mar a shíl siad ag toiseacht amach.

Is féidir airgead a thabhairt do 'The Anaphylaxis Campaign' anseo.

Close
Close