Na 5 fhíseán pobail is mó ó 2018

Cuid phléisiúrtha d’obair Meon Eile is ea an tuairisciú a dhéanaimid ar na scéalta pobail agus ar na gaiscí atá á ndéanamh ag Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ar mhaithe lena gceantracha féin.

Seo cúig cinn de na físeáin phobail is mó ar chuir leantóirí an tsuímh spéis iontu i mbliana…


1. Féile cheoil úrnua bunaithe i nGaeltacht Thír Chonaill

D’fhreastail na céadta duine ar SULT ag an deireadh seachtaine, féile cheoil úrnua cois fharraige i nGaoth Dobhair.

Is í sprioc na féile suim a chothú sa cheantar trí cheol, craic agus siamsaíocht a chur ar fáil, chomh maith le hairgead a chruinniú do ghrúpaí pobail áitiúla.

I measc na gceoltóirí agus na ngrúpaí a bhí le cluinstin ann bhí Keywest, Oh Bryan, Danny & James, Static Union agus Ryan Sheridan.


2. Seachtain na nDeontóirí

Tá deireadh tágtha le Seachtain na nDeontóirí i mbliana ach ní hionann sin is a rá go bhfuil deireadh tágtha le feachtas Dháithí Mhic Gabhann.

Tá an tachrán cróga ag fanacht ar chroí úr agus tá a thuismitheoirí Máirtín agus Seph ag scaipeadh scéal an deonacháin le níos mó ná bliain anois.



3. Ollscoil na Banríona - Foghlaim agus Feachtasaíocht na Gaeilge

Tá rath ar chúrsaí léinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus mic léinn ag tabhairt faoi réimse leathan cúrsaí éagsúla a mbaineann an Ghaeilge leo.


Is i roinn bheag, ach roinn shaineolach, atá na mic léinn agus is é Micheál Ó Mainnín atá ina Cheann Roinne.

4. Dónall Ó Cnáimhsí - Oifigeach Pleanála Teanga don Iarthuaisceart...

Ceapadh Dónall Ó Cnáimhsí mar Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar an Iarthuaiscirt an mhí seo caite. Bhuail Meon Eile le Dónall chun labhairt leis faoin phost úr seo agus faoi na haidhmeanna atá aige agus é ag cur i bhfeidhm phlean teanga na háite. 


5.  Meabhairshláinte: Tuairimí Laochra Loch Lao...

Seachtain na Meabhairshláinte atá ann ó thuaidh ón 14ú lá go dtí an 20ú lá den mhí seo. Labhair Meon Eile le cúpla ball ón fhoireann peile Laochra Loch Lao faoin ábhar seo, na dúshláin a bhaineann leis agus na dóigheanna a dtéann siad i ngleic leo...


Close
Close