£130,000 d'obair óige Ghaeilge ó thuaidh

Tá deontas £130,000 bronnta ag an Aire Oideachais, John O’Dowd, ar Fhóram na nÓg, eagraíocht ionadaíochta don earnáil óige Ghaeilge ó thuaidh.

Thug an tAire O’Dowd le fios go raibh maoiniú na heagraíochta le leanúint agus é ag seoladh leabhrán an Fhóraim i Stormont.

Bunaíodh Fóram na nÓg i 2009 le hionadaíocht a dhéanamh ar ghrúpaí óige Gaeilge agus le deiseanna neamhfhoirmiúla oideachais a chothú sa Tuaisceart. 28 grúpa óige ó fud na cúige atá ag feidhmiú faoi scáth na heagraíochta.

Ba mar gheall ar bhrú ón phobal cúig bliana ó shin a cheadaigh Aire Oideachas na linne, Caitríona Ruane, deontas forbartha d’Fhóram na nÓg.

Tá an Fóram anois i measc líon beag eagras Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn Oideachais le hobair ar son grúpaí óige Gaeilge an Tuaiscirt.

Fóram na nÓg
Close
Close