12 Sliabh na Nollag siúlta le hairgead a thiomsú do charthannacht ailse

12 Sliabh na Nollag siúlta le hairgead a thiomsú do charthannacht ailse

Nuair a bhí corrdhuine i mbun 12 teach leanna na Nollag, bhí Seán Ó Maoilsté as Ard Mhacha i mbun dúshlán eile ar fad.

Dhreap Ó Maoilsté 12 sliabh i gCúige Uladh le hairgead a bháiliú do charthanacht ailse i gcuimhne ar a athair mór a bhásaigh anuraidh. Bháiligh Seán beagnach £2,000 do Marie Curie, carthannacht a chuidíonn le daoine atá i mbéal an bháis.

Bhí Meon Eile ina chuideachta agus Sliabh Bheann Mhadagáin á dhreapadh aige. Labhair muid leis faoin dúshlán, tionchar ailse sa teaghlach agus cuidiú an charthannais in am an ghatáir…

12 Sliabh na Nollag

Tá tuilleadh eolas ar fáil faoi dhúshlán Sheáin agus an tslí inar féidir airgead a dheonú leis ag an nasc seo.

Close
Close