10km na Ceathrún Gaeltachta

10km na Ceathrún Gaeltachta

Bhí an aimsir fuar feannta maidin Domhnaigh seo caite in iarthar Bheál Feirste ach níor chuir sé sin bac ar na sluaite Gael theacht amach don chéad rása 10km de chuid na Ceathrún Gaeltachta a bhí mar pháirt de Fhéile na Carraige a bhí eagraithe ag Glór na Móna.

Thosaigh an rás breá luath ar 9rn agus na táillí clárúcháin ar fad ag dul go díreach chuig an charthanacht roghnaithe TACA, a sholáthraíonn tacaíocht d’fhorbairt na Gaelscolaíochta ach bhí deis ag na rannpháirtithe airgead a thiomsú do charthanachtaí eile chomh maith.

TACA féin ag dul ó neart go neart ag cuidiú le forbairt theanga na nGael. Is féidir tuilleadh eolais a fháil, agus airgead a dheonú, ar an suíomh idirlín: www.taca.ie

Bhí Meon Eile i láthair ar lá an rása.

10KM na Ceathrún Gaeltachta
Close
Close