Éalú Éanna – oíche i bpríosún le £50,000 a bhailiú don Ghaeilge

Tá 30 duine ó CLG Naomh Éanna agus Croí Éanna, grúpa pobail Gaeilge i nGleann Ghormlaithe, Contae Aontroma, le hoíche Dé hAoine seo a chaitheamh ‘faoi ghlas’ i bPríosún Bhóthar Chromghlinne. Táthar ag súil £50,000 a bhailiú d’ionad úr pobail atá á thógáil acu agus le hacmhainní a cheannach do Ghaelscoil Éanna.

Tá ceangal láidir i nGleann Ghormlaithe idir Gaelscoil Éanna, CLG Naomh Éanna agus Croí Éanna, grúpa Gaeilge an cheantair. Cuireadh tús leis an Ghaeloideachas sa cheantar nuair a bunaíodh Naíscoil Éanna in 2004. Ó shin, bunaíodh Gaelscoil Éanna agus anois tá beagnach 200 páiste cláraithe acu.

Beidh an fo-chumann ag ceiliúradh 60 bliain a bhunaithe an deireadh seachtaine seo. Táthar ag baint leasa as an cheiliúradh le hairgead a thiomsú do na tionscadail fhorbartha ata idir chamáin acu.

Labhair Meon Eile leis na ‘cimí’ a bheas ag caitheamh oíche sa ‘Crum’ faoin mhéid atá rompu agus faoina gcuid oibre leis an teanga i nGleann Ghormlaithe.

Éalú Éanna
Close
Close