Sheol 'Cór na nÓg’ as Caisleán Ruairí i gContae an Dúin dhá amhrán Ghaelacha ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. Is mar chuid de thogra córúil pobail píolótach dar teideal 'An Crann Ceoil’ a rinneadh na hamhráin.
Tá taifead ardchaighdeáin déanta ag Cór na nÓg ar dhá phíosa chórúla atá oiriúnach do pháistí, is iad sin 'Fáinne Geal an Lae' agus 'Bacach Buí na Léige'.
An aidhm taobh thiar den togra ná go mbeidh áiseanna digiteacha cruthaithe agus curtha ar fáil saor in aisce do pháistí agus daoine óga, le socraithe úrnua, bileoga, taifeadtaí, fuaimrianta taca, treoracha maidir le fuaimniú agus léiriú, comharthaí 'Makaton' agus treoracha faoin cheol ionchuimhsitheach.
Cuirfear na háiseanna seo uilig ar fáil do scoileanna agus do chóir phobail timpeall na tíre agus táthar ag súil gur bealach i dtreo na Gaeilge a bheidh ann do scoileanna Béarla chomh maith.
Thug Meon Eile cuairt ar Bhunscoil Naomh Brónach i gCaisleán Ruairí, áit a raibh an cór ag cleachtadh na n-amhráin le chéile. Tá Bunscoil Naomh Brónach agus Kilbroney Integrated Primary School páirteach sa chór seo agus mar sin labhair muid le Príomhoide Naomh Brónach, Jody Mussen, agus le Príomhoide na scoile imeasctha, Imelda Porter.
Labhair muid fosta le stiúrthóir Chór na nÓg, Rós Ní Dhubháin, leis an mhúinteoir Gaeilge ag Bunscoil Naomh Brónach, Olivia Gordon, agus leis an Ollamh Eibhlís Farrell. Labhair roinnt páistí ón dá scoil linn chomh maith.
Ní bunscoil Ghaeilge í Naomh Brónach ach tá an-obair ar siúl acu leis an Ghaeilge a chur chun cinn timpeall na scoile, le cuidiú ó Olivia, ó chumann CLG Naomh Brónach agus ón scéim 'Scoil Spreagtha’ de chuid Gael Linn.
Bhí páirt ag neart daoine eile sa togra speisialta seo: an léiritheoir agus dordveidhleadóir Ben Trigg, an t-innealtóir fuaime Steve Fearnley, an speisialtóir sa cheol ionchuimsitheach Gary Day as 'Garden of Music', an speisialtóir agus múinteoir ar an 'Makaton' Bronagh Clerkin as 'Sign, Rhyme and Shine', an flúiteadóir Fiona McAufield agus an cláirseoir Paige McDonald.
Is compháirtíocht é an togra seo idir Cór na nÓg Caisleán Ruairí, The Tom Dunn Society, Conradh na Gaeilge agus Cumann CLG Naomh Brónach Caisleán Ruairí.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin togra seo, is féidir ríomhphost a chur chuig [email protected]