Seoladh Taighde Shólás na nÓg

Seoladh taighde de chuid Shólás na nÓg Dé Luain ag Gael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste. Is é teideal an taighde nua, arb í an Dr. Órla Nig Oirc a rinne, ná: 'Ag cinntiú nach bhfágtar aon duine óg ar lár: cumas a oscailte, folláine mhothúchánach a thógáil agus todhchaí a thabhairt trí obair óige Gaeilge’.

Is cumann óige Gaeilge é Sólas na nÓg a bunaíodh in 2019 do pháistí agus déagóirí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama, fhisiciúla, shóisialta, mhothúchánacha agus iompraíochta éagsúla orthu, agus is é an chéad chlár den chinéal seo in Éirinn. D'aithin an fhoireann go ndéanfadh seirbhís dá cineál difear nach beag do scileanna cumarsáide agus sóisialta na bpáistí.

Is mar chuid d’Fhéile na Carraige 2025 a chuir an Dr. Órla Nig Oirc torthaí an cheathrú tuairisc taighde de chuid Shólás na nÓg i láthair.

Close
Close