Scoil Bhríde - an chéad scoil lán-Ghaeilge sa tír ag comóradh an chéid

Bhí clár imeachtaí comórtha ar siúl i rith na bliana le 100 bliain de Scoil Bhríde i Raghnallach, Baile Átha Cliath, a chéiliúradh.

D’oscail na múinteoirí Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh agus a cara Áine Nic Aodha doirse na scoile den chéad uair ariamh ag tús an chéid seo a chuaigh thart.

D’fháiltigh siad 12 dalta in Uimhir 70 Faiche Stiabhna agus i ngan fhios dóibh ag an am go mbeadh oidhreacht oideachais ar leith fágtha ina ndiaidh.

Ba cheannródaí oideachais í Lúise.

Bean chalma ar leith a bhí inti. B’iníon í leis an Young Irelander iomráiteach, Charles Gavan Duffy.

Rugadh agus a tógadh i Nice na Fraince í agus bhí an Béarla agus an Fhraincis ó dhúchas aici.

B’ann a chuir a hathair faoi ar éirí as dó tar éis réim ardchéimiúil a bheith aige i gcúrsaí polaitíochta na hÁstráile.

Rinneadh ridire de de thoradh a thréimhse mar Phríomh-Aire agus mar Cheann Comhairle ar Pharlaimint Stát Victoria.

Sochraid a hathair in 1903 a thug go hÉirinn don chéad uair í.

D’fhill sí ar Éirinn sa bhliain 1907 le cónaí inti agus thug sí faoi chéim BA a bhaint amach.

D’fhoghlaim sí Gaeilge i gConradh na Gaeilge agus is ann a casadh an t-oideachasóir agus tírghráthóir Pádraig Mac Piarais uirthi den chéad uair.

Ceapadh ina mhúinteoir í i scoil dhátheangach an Phiarsaigh, Scoil Íde, i dTeach Feadha Cuillinn.

D’fhreastal an t-uafás daoine eile a d’oibrigh go dícheallach ar son na teanga ar an scoil tríd na blianta agus daoine a bhfuil dlúthbhaint acu le saol na Gaeilge ó thuaidh sa lá atá inniu chomh maith.

Is iardhalta í Róisín Ní Chéileachair,  Leas-Eagarthóir le BBC Thuaisceart Éireann a léirigh agus a láithrigh clár raidió faisnéise ‘Scoil Bhríde – 100 Bliain d’Aois’ a chraolfar ar BBC Raidió Uladh anocht, Déardaoin 14 Nollaig ar 7in.

Sa chlár seo scrúdaítear tionchar na chéad scoile Gaeilge seo taobh amuigh den Ghaeltacht.

Buaileann Róisín le daoine a raibh dlúthbhaint acu leis an scoil agus cuimhnítear ar seanscéalta a bhaineann léi.

I rith an chláir, tagann Róisín ar a seanmhála scoile leathair ó na 1980í, é lán de chóipleabhair clúdaithe le deannach.

Bhuail Meon Eile isteach chun na scoile le gairid le labhairt le Príomhoide reatha na Scoile agus bhí deis againn seal cainte a dhéanamh le Róisín Ní Chéileachair chomh maith.

Is féidir éisteacht le ‘Scoil Bhríde - 100 Bliain d’Aois’ ar BBC Raidió Uladh anocht, Déardaoin 14 Nollaig ar 7in.

Beidh sé le cloisteáil chomh maith ar Raidió na Gaeltachta ar Oíche Chinn Bliana.

Close
Close