Chuir an eagraíocht óige Fóram na nÓg ócáid ar siúl ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga a bhain amach cáilíocht ar bith trí oiliúint na heagraíochta le bliain anuas. Is comhlacht réigiúnach é Fóram na nÓg a thacaíonn le hobair óige trí Ghaeilge ar fud an tuaiscirt.
Rinneadh ceiliúradh speisialta ar bhaill na gcumann, oibrithe óige agus printísigh as gach cearn den tuaisceart a ghlac ról nó spás traenála leis an eagraíocht i rith na bliana. Bronnadh teastais ar neart daoine as cúrsa a chríochnú le Fóram na nÓg i gcomhar le Gaelchúrsaí idir OCNanna, Garchabhair, Cosaint Leanaí, traenáil Oifigeach Ainmnithe, traenáil chumhdaigh, ceardlanna CV agus eile. Bhain breis agus 70 duine cáilíocht OCN amach, rud a bheidh ina chuidiú ollmhór san earnáil obair óige.
Bronnadh 13 teastas ar dhaoine óga as Béal Feirste, Baile an Chaistil, agus Contae Dhoire, a chríochnaigh an scéim printíseachta ‘Nasc’, scéim atá dírithe ar dhaoine óga idir 18 agus 21. Tugadh an deis do gach printíseach a bheith ag obair le heagraíochtaí ina gceantair féin leis an tsoláthar obair óige chun taithí phraiticiúl a fháil.
Rinneadh go leor taistil laistigh den eagraíocht chomh maith. Le linn na bliana, bhí daoine óga ábalta caidreamh a fhorbairt le gníomhaithe teanga agus eagraíochtaí pobail a oibríonn trí mheán teangacha mionlaigh. Forbraíodh caidrimh le hOllscoil Aberystwyth, le heagraíochtaí éagsúla i dTír na mBascach, agus le hÒmnium Cultural in Barcelona. Bhí an deis ag Coiste na nGael Óg taisteal go Deisceart Tyrol san Ostair le haghaidh malartú cultúir agus thug an grúpa as Tyrol cuairt orthu i mBéal Feirste ina dhiaidh. Níos cóngaraí don bhaile, áfach, tá an eagraíocht ag tabhairt tacaíocht leanúnach do ghrúpaí trí oiliúint, oideachas agus comhairle maidir le maoiniú.
Is cinnte go mbeidh bliain ghnóthach ghníomhach acu arís de thairbhe tuilleadh deiseanna a chothú dóibh féin agus do ghrúpaí eile amhail cúrsaí oiliúna, taithí do phrintísigh, deiseanna nua do dhaoine óga dul i mbun gnímh agus feachtasaíocht ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tríd an obair cheannródaíoch chruthaitheach seo a dhéanann Fóram na nÓg, beidh tuilleadh daoine óga á gcumasú agus ag cur le hearnáil na Gaeilge iad féin sa todhchaí.
D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid spreagúil.

