Bunscoil Phobal Feirste ag tarraingt ar an leathchéad

Agus Bunscoil Phobal Feirste ag tarraingt ar leathchéad bliain ó bunaíodh an scoil in 1971, tá sraith d'imeachtaí comórtha á pleanáil acu chun stair na scoile a cheiliúradh le pobal na scoile.

Ar na mallaibh eagraíodh tionól comórtha agus bhí beirt de bhunaitheoirí na scoile, Seán Mac Seáin agus Máire Mhic Seáin, mar aíonna speisialta ann.

Bhailigh daltaí agus muinteoirí le chéile le seó lán ceoil, damhsa agus filíochta a léiriú.

Bhí deis plé ag cuid de dhaltaí na scoile le Seán agus Máire agus neart ceisteanna á gcur acu faoi bhunú, tógáil agus aidhm na scoile an chéad lá riamh.

Go mall sna 1960í tháinig grúpa teaghlach a raibh Gaeilge acu le chéile chun Gaeltacht uirbeach a bhunú ar Bhóthar Seoighe. 

Nuair a bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste in 1971 ní raibh ach 9 bpáiste ag freastal uirthi. Níor bronnadh stádas oifigiúil uirthi go dtí 1994. 

Ó shin tá borradh mór tagtha faoin Ghaelscolaíocht i mBéal Feirste agus ar fud an 6 chontae.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá agus Bunscoil Phobal Feirste ag caitheamh súil siar ar stair na scoile agus ag amharc chun tosaigh i dtreo ceiliúradh an leathchéid.

Close
Close