'Guth na nÓg': Comhairliúchán faoi pholasaí oibre óige Na Roinne Oideachais

Eagraíodh comhairliúcháin in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh a bhí dírithe ar pholasaí nua na Roinne Oideachais maidir leis an obair óige. Is é Glór na Móna a reáchtáil na trí seisiún do dhaoine óga a bhfuil baint acu leis an eagraíocht óige, Fóram na nÓg.

Ba as Coláiste Feirste do na daoine óga go léir a d'fhreastail ar an chomhairliúchán ach iad páirteach i ngrúpaí éagsúla: Coiste na nGael Óg, An Coiste Dearg, An Cumann Gaelach, Sólas na nÓg agus daoine atá ag dul don Bhronnadh 'Gaisce'. 

Thug an lá spéisiúil idirghníomhach seo, a bhí curtha i láthair ag Liam McCusker ón Roinn Oideachais féin, agus ag Eoghan Ó Conghaile, printíseach le Fóram na nÓg, deis do chainteoirí óga Gaeilge a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le deiseanna forbartha don obair óige. Tá Eoghan mar chuid den ghrúpa tagartha daoine óga, a chuir an chomhairliúchán le chéile agus a d’éascaigh na seisiúin chomh maith.

Tá comhairliúchán eile go fóill le déanamh le hOibrithe Óige agus le neart foghrúpaí ó eagraíochtaí óige timpeall an tuaiscirt, mar aon le comhairliúchán poiblí. Tá An Roinn Oideachais ag súil leis go mbeidh an polasaí nua i bhfeidhm in 2026.

Close
Close