Agus na hionaid gharraíodóireachta ar oscailt arís an tseachtain seo, labhair Daire Ní Chanáin linn faoin phaisean atá aici don gharraíodóireacht. Tugann sí leideanna maidir le triail a bhaint as lus na gréine a chur agus muid i dtreimhse seo na dianghlásala.
Is maith an rud é triail a bhaint as caitheamh aimsire nua agus níos mó ama againn faoi láthair. Tá go leor le foghlaim ó Dhaire anseo faoi phlandaí agus faoin dóigh is fearr le haire a thabhairt dóibh. Bainigí triail as bhur lusanna gréine féin a chur!