Gaelscoil na Móna 20 bliain ar an fhód

Tá ábhar mór ceiliúrtha ag Gaelscoil na Móna i mBéal Feirste i mbliana agus iad ag comóradh 20 bliain a bunaithe.

Tá imeachtaí ar siúl acu gach mí mar chuid den cheiliúradh agus go dtí seo bhí roinnt cóisirí acu, teach taibhsí ar Oíche Shamhna agus dinnéar mór na Nollag ina measc.

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil agus labhair muid leis an phríomhoide, Caireann Uí Mhuireagáin, faoin bhliain speisiálta atá beartaithe agus faoin fhorbairt atá tagtha ar Ghaelscoil na Móna le 20 bliain anuas, mar aon leis na pleananna atá acu don todhchaí.

Bhí an deis againn turas beag a dheánamh thart ar an scoil agus comhrá a dhéanamh le daltaí ó Rang 7 chomh maith.

Ba mhaith le Meon Eile buíochas a ghabháil le Gaelscoil na Móna agus comhghairdeas mór a dhéanamh leo ar scór bliain den scoth a bhaint amach.

Close
Close