Tionscadal 'Focail Eile' i nGaelcholáiste Dhoire

Tionscadal liteartha é 'Focail Eile' ina gcaitheann scríbhneoirí i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh tréimhse i dtír ina labhraítear teanga mhionlaigh eile.

Bhí Elvira Bonafacio - údar a scríobhann i bPaipeamaintis, teanga a labhraítear ar an oileán Cairibeach Curaçao - in Éirinn ar na mallaibh agus thug sí féin agus an scríbhneoir Gaeilge Máire Zepf cuairt ar Ghaelcholáiste Dhoire mar chuid den scéim.

Reáchtáladh ceardlann le daltaí na scoile inar cuireadh béim ar thábhacht na héagsúlachta teanga - bhí Máire ag spreagadh na ndaltaí dánta a scríobh i nGaeilge agus bhí Elvira ag tabhairt léargas dóibh ar a teanga féin.

Is é Foras na Gaeilge comhpháirtí an tionscadail in Éirinn agus le cúpla bliain anuas tugadh ardán don scríbhneoireacht chruathaitheach i dteangacha mionlaigh agus díríodh ar na téamaí sóisialta agus saincheisteanna ábhartha a bhaineann le mionteangacha agus daoine óga.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tionscadal, téigh go dtí https://www.forasnagaeilge.ie/focail-eile/

Close
Close